Brúigh ar aon imeacht sa liosta seo chun tuilleadh eolais a fháil.
0 Comments
Cluain Tarbh agus cósta Thuaisceart na Cathrach Teacht le chéile: 6:30 pm ag Stáisiún Dart Bhóthar Chluain Tarbh An tSiúlóid: Promanáid Chluain Tarbh – An Droichead Adhmaid - agus píosa eile leis, ag brath ar an aimsir, ar an meon agus ar an bhfuinneamh. Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair an chloig. Treoraí: Bláithín Seol post chugainn má bhíonn tuilleadh eolais ag teastáil, nó chun socrú a dhéanamh. Beidh deoch againn sa teach tábhairne Pebble Beach, Bóthar Chnoc an Bhua tar éis na siúlóide Beidh Fáilte roimh chách. Binn Éadair Teacht le chéile: 6:30 i.n. ag Stáisiún traenach Bhinn Éadair. Beimid ag siúl ar chosán i mBinn Éadair. Siúlóid éasca a bheidh i gceist - ní ghá buataisí sléíbhe a chaitheamh, is leor bróga reatha. Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2.5 uair an chloig. Treoraí: Eileen Téigh i dteagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil Taisteal go Binn Éadair: Is féidir taisteal ar an Dart nó ar Bhus 6 nó H3 ó Shráid na Mainistreach. Beidh fáilte roimh chách. Beidh deoch againn i dteach tábhairne áitiúil i ndiaidh na siúlóide. Siúlóid: Sléibhte Cuaille, Paddy's Top, Bearna Mhéabha, Commons, Sráidbhaile Tréigthe
Cur síos: Siúlóid mheánach – 4.5-5 huaire an chloig ag siúl. Tús na siúlóide: Carr Clós (tagairt eangaí - J 188095 nó N54.0212, W6.1879) Bí ann ag 10:00 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:15 r.n. Treoraí: Emer Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Ma bhíonn síob uait déan teagmháil lá roimh ré. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Má bhíonn tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – téigh ar an M1 go bealach amach 18. Lean an R173 i dtreo Chairlinn ar feadh 14.5km. Cas fó chlé ag The Bush agus lean ar aghaidh ar R173 go dtí crosbhóthar The Irish Grange (1.75km). Cas fó chlé ar Rooskey Road. Tar éis 750m tóg an dara casadh fó chlé, The Deserted Village, Commons Road. Tiocfaidh tú ar carrchlós ar chlé tar éis 250m. Nó lean an nasc seo: https://maps.app.goo.gl/uAuEBgvM2gjcQEe29 Lean na treoracha thuas ó Rooskey Road. TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html Dumhach Thrá agus an Bulla Theas
Teacht le chéile: 6:30 pm ag an Siopa Spar ag Faiche Dhumhach Thrá (Sandymount Green). An tSiúlóid: An trá, Port na Sliogán (Shellybanks), seanstáisiún cumhachta an BSL, Balla an Bhulla Theas go dtí an teach solais agus ar ais. Siúlóid éasca 8km atá i gceist, a mhairfidh ~2 uair an chloig. Treoraí: Máire Beidh fáilte roimh chách. Beidh deoch againn i dteach tábhairne m.sh. O'Reilly's i nDumhach Thrá i ndiaidh na siúlóide. Siúlóid: An Láithreach, Sliabh na Brocaí. Cur síos: Siúlóid mheánach – 4.5 huaire an chloig ag siúl. Tús na siúlóide: Séipéal Naomh Caoimhín, An Láithreach (tagairt eangaí - T 140 968 nó N53.0106, W6.3024) Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n. Treoraí: Daithí Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn. Ma bhíonn síob déan teagmháil lá roimh ré. Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath - Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Sa Láithreach, cas ar dheis i dtreo Ghleann Dá Loch. Tar éis cúpla céad méadar, os comhair bhialann Wicklow Heather, cas ar dheis arís agus téigh go dtí deireadh an bhóthair sin. Tá carrchlós beag suite ag Séipéal Naomh Caoimhín. Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html |
Eolas fúinnClub siúl sléibhe trí Gaeilge. Aimsigh ar an suíomhNaisc Thapa
All
|